05 Samhain 2007

Aoínna

An Rómánach

Siúlann sí go féin-mhuiníneach
Agus ise gléasta suas
In éadaí traidisiúnta a tíre
Cosúil le Banríon Bródúil

A gúna le pócaí rúnda faoi
Ionas go mbeadh sí in ann
Rudaí a ghoideadh
I ngan fhios d'éinne

Agus duine ag teacht roimpi,
Béiceann sí, agus a lámh oscailte amach;
'mo leanbh, do mo leanbh!'
Ach deargbhréag is é sin;

Páiste a chara 'tá ann,
Á úsáid ag grúpa dóibh
Chun trua agus airgead a fháil
Áit ar bith is is féidir.


An Polannach

Eisean ina sheasamh lena chairde,
Corp chomh mór is chomh láidir
Le laoch álainn na síscéalta

Is féidir a ghuth a chloisteáil go héasca
Lena fhocail atá aisteach dúinn;
Cé nach bhfuil aon locht air féin,
Feictear Sasanach de chineál éigin ann.

0 trácht: