tag:blogger.com,1999:blog-1886189848512108882024-02-08T15:29:55.139+00:00Scott's GaelicFilíocht de chuid Scott De BuitléirScott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.comBlogger70125tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-47287206301648152822010-04-20T23:37:00.001+00:002010-04-21T08:06:13.365+00:00Bórdshiúl Bhaile DúillAgus mise ag siúl
Ar bhórdshiúil Bhaile Dúill
Tá cumhacht na hoíche i bhfeidhm;
Na héin ar an gcuan
Ina gcodladh go suan
Seachas scread fánach ó chadhain.

Tinte Bhinn Éadair
Agus nithe nach féidir
A fheiceáil leis an siúl go brách
Ar nós na síóga
Is na mairbh a bhí cróga
Ar chóir ’bheith ar eolas do chách.

Ach tá mé i m’aonar,
Ag súil go ndéanfar
Síoraíocht as an oíche anocht
Mar tá mé i mo shuan
Insan dorchas buan;
Áit cheart le bheith ag brionglóideacht.

Agus mise ag siúl
Ar Bhórdshiúl Bhaile Dúill
Is an Ghealach ar nós Banríona;
’Sé an paidir a ghuím
Is na focla a dheirim
Ná a bheith slán ón daoirse daonna.

19 Aibreán 2010Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-53140715305186548112009-12-26T21:21:00.003+00:002009-12-26T21:31:10.564+00:00Haiciú Nollag

Bláithín Nollag

Maidin fhuar Nollag;

An talamh dubh reoite,

ach,

Bláth aonair ag fás.

Little Flower of Christmas

A cold Christmas morning;

The black soil is frozen,

yet,

A sole, beautiful flower grows.

פרח קטן של חג-המולד

בוקר קר של חג המולד;

האדמה השחורה רטובה,

אך עם זאת,

פרח יחיד, יפייפה צומח.

Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-58134501529180703522009-11-24T15:52:00.000+00:002009-11-24T15:53:25.827+00:00AthuairTharla sé arís
Nuacht nua
Ar sheanaimsir,
Á chur faoi sholas nua salach

Agus é á léamh agam
Faoi dhó, faoi thrí, faoi cheathair
Mothaím mo chroí á bhualadh
Ag teacht amach ó mo bhéal.

Ach ní thagann deora.
Ní bheidh siad le feiceáil arís.
Ghol mé an iomarca deora dó
Agus níl fonn air iad a thirimiú.

Bhí an t-ádh dearg liom
Éalú uaidh agus an seans agam;
Éalú ón mbréagadóir, ón gcladhaire,
Ón gcroí-bhriseadóir ainniseach.

Rinne mé neamhaird ar na fógraí
Ach déanann an grá dall asat
D’éalaigh mé ina ainneoin sin;
D’aimsigh mé an slí amach le mo chroí.

Agus anois,
Táim i lár an tsolais;
Slán sábháilte arís.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-39923499468941536482009-11-22T20:25:00.001+00:002009-11-22T20:27:13.155+00:00SíocháinMaidin na Samhna;

Tá m'anam 's an aimsir

Suan, th'réis na stoirme.

Aistruithe ón mBéarla ag an bhfile.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-78423061283355125172009-11-17T10:32:00.001+00:002009-11-17T10:35:30.365+00:00AthfhásBáisteach bog

Ag titim go mall

Ar nós an ghrá.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-55920827139756506332009-11-16T14:39:00.002+00:002009-11-16T14:42:28.543+00:00DrochdhísThiteas i ngrá le strapaire óg
Ón chéad nóiméad, ’s ón chéad phóg,
Ach anois níl agam ach croí atá trom
Mar is cosúil go raibh sé mídhílis dom.

Rinne muid gáire, is rinne muid grá,
Ach anois tá na cuimhní siúd á mo chrá
Mar níl iontu a thuilleadh ach píosaí staire
Agus fiú gan é agam anois mar chara

Ligim uaim é, mar ba chóir,
Ach ba liomsa, áfach, an focal scoir,
Ach ba dheacair dom ‘slán’ a rá
Nuair a bhíodh dianghrá againne, tráth.

Táim cinnte go mbeidh mé níos fearr gan é,
Agus beidh mé i gceart ag deireadh an lae,
Mar ní raibh sé riamh ina laoch naofa,
Agus níorbh eisean an fear chéile foirfe

Ach dúradh liom; ‘beidh tú ceart go leor!
Agus ní fiú smaoineamh faoi, a stór,
Mar tá i bhfad níos fearr tuillte agat;
Duine a fheicfidh an t-aingeal atá ionat.’

Más fíor é sin, éireoidh liom
An té ceart a aimsiú a bheidh i ngrá liom
Gan fhadhb gan rún, go mbeinn sásta arís
Agus dearmad a dhéanamh ar an drochdhís.

14 Samhain 2009

(Dís: Beirt)Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-56776162635653594152009-09-18T18:15:00.002+00:002009-09-18T18:15:52.038+00:00An Pápa Hitler IISeanbhean,
Dulta ar ais chuig an coláiste;
Banda plaisteach timpeall a láimh;
Bán agus buí - dathanna an Phápa.

Namhaid dom é,
Do mo ghrá,
Mo shaol,
Ach namhaid cumhachtach 'tá ann.

Ach ise féin
Chomh cneasta,
Cairdiúil
Fáiltiúil agus oscailte.

Ach leanann sí an Hitler nua sin
É i lár a impireachta féin
A thrasnaíonn teoirinn is tíortha.

Go gcodlóidh sé leis an Diabhal!
Ach, dá chuid suaimhnis féin,
Súil a'am go bhfuil an Diabhal ina bhean,
Ionas nach ndéanfadh sé aon pheaca.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-80917662720916672882009-09-10T10:58:00.001+00:002009-09-10T11:00:53.098+00:00Ná Lig Mé i gCathúAnois agus mé slán sa bhaile,
An bhfuil sé fós ann;
Á mo chuardú,
Ag breathnú thart,
Dóchasach go n-aimseoidh sé mé?

Ar mhothaigh sé é sin freisin,
Nuair a chroith sé mo lámh
Agus d’fhéach ’steach i mo shúile

Nuair a mhothaíos cineáilín ciontach
Agus mo bhuachaill thuas staighre;
É féin lenár gcairde
Ag comhrá is ag gáire le chéile

Ach mise ag caint leis an strapaire seo,
Á chuir féin in aithne dom;

‘An mbeidh tú thuas staighre níos déanaí,’
A fhiafraíonn sé dom,
‘An mbuailfidh mé arís leat ann?’

‘Cinnte, yeah,’ a dheirimse leis,
Gan a rá go mbeidh mo bhuachaill liom...

‘Iontach, ar fheabhas,’ a dheireann sé liom,
‘Mar ’ sé go deas bualadh leatsa anocht,’
Ach deireann an gáire,
An meangadh mór,
Níos mó ná a chuid focla.

‘Agus leatsa,’ arsa mé;
Ach tosaím ag casadh
I dtreo na staighre éalaithe

Agus téim ar ais
Chuig an buachaill ceart;
An fear lena bhfuil mo chroí.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-62560923827190352892009-09-09T16:25:00.002+00:002009-09-09T16:55:19.868+00:00AlcólaíÓl, ól agus ól níos mó
Go dtí go bhfuil tú go hiomlán blotto
Is nach n-aithníonn tú
Do chairde ó do namhaid.

Ól, ól go dtí go n-osclaítear an doras,
Go ligtear isteach an duine dorcha,
Go gcuirfidh sé dó fhéin in aithne
Do do chairde go léir.

Ól, ól agus ól arís
Go dtí go ndéanann tú na botúin chéanna;
Croí a bhriseadh,
Todhchaí a scriosadh,
Stair do shinsir a h-athdhéanamh.

Ól, ól, ól alcól
Mar táthar ag súil
Le hÉireannach meisciúil eile;
Cén dochar é, más é sin é,
'bheith ina bhall eile den dream?

Mar sin, ól agus ól níos mó,
Go dtí go múchtar solas d'anama,
Go bhfágtar i d'aonar thú
Do chlann, do chairde, tú fhéin.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-14665390123511288892009-05-28T14:46:00.001+00:002009-05-28T14:49:26.147+00:00Forbairt(?)Eastán nua glan -
gan duine
gan carr
gan anam -
Cúrsa gailf in aice leis.

Nach iontach é an saol
Nuair atá sé bréagach!Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-48659135286103478142009-05-28T14:33:00.003+00:002009-05-28T14:38:42.625+00:00Oíche sa RinnAn triúr againn i do theachsa
Ar chósta álainn na Rinne,
Triúr leaids aeracha,
Triúr chairde,
Ó thaobhanna difiriúla na tíre;
Cathair na dTreabh,
Cathair na nGall
agus an Chrois Ghearr.

Ag fanacht ar feadh oíche amháin,
Tá muid inár gcompórd anseo
Ar nós go raibh muid gaolta
Nó inár gcónaí le chéile la fada.

Anois, sula dtéann muid 'nár gcodladh,
Tá síocháin neamhtheannasach eadrainn
Agus an báiste ag titim lasmuigh go trom -

Nóiméad breá suamhnais
I ndiaidh na stoirme.

Baile na nGall, An Rinn, Co. Phort Láirge
27 Bealtaine 2009Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-12540216037333248052009-05-25T19:17:00.004+00:002009-05-25T19:40:38.278+00:00HóbóLéimeann fear ar an mbus,
Corp shaighdiúra
Craiceann salach
É ag labhairt leis féin

Cheapas ar dtús (náire m'óige!)
Go raibh cluaisín Bluetooth aige
Mar ba chosúil go raibh comhrá ar siúl

Níorbh ea.

Shuí sé síos ar chúl an bhus
ag insint scéil dó féin;

"I've the brains of a policeman,
I've the brains of a gangster,
I've the brains of a fighter,
I've the brains of me father..."

Briseann sé amach ag gáire,
agus déanann a shrón briste
Fuaimeanna ar nós sróin muice.

Ach tosnaíonn sé arís,
Ag caint leis an namhaid istigh;

"But I'll take any of them,
I'll take any of those lads
At your bird's twenty-first,
I'll give them a long fight,
I'll show them the traveller's way..."

Cuireann a chuid focla
Eagla is míchompórd ar dhaoine eile an bhus,
agus téann roinnt dóibh síos chuig an caráiste íochtarach

Ach fanaimse i mo chathaoir.
Éistím leis - i ngan fhios dó féin -
Mar tá a chuid cainte dínascaithe
Ar nós filíochta dom.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-81233553894643969662009-05-16T17:39:00.001+00:002009-05-16T17:42:43.734+00:00Imeacht Grásúil (Dúntacht)Conas a mbeinn in ann
Áit a thógáil leo siúd;
Iadsan.
Na Máistrí ar thug ionsporáid dom,
agus meas
agus grá,

Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche
ar an mbáidín teangan,
Ná'n strapaire óg, sé throigh in airde,
Ná na trí léim ó thairseach tí.

Leanfaidh mé ar aghaidh, anois is mé saor,
Ó dhorchas na léachtlainne,
Ó smúit na seanleabhar ollscoile

Ó dhúntacht na smaointe.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-35147448533908217012009-04-28T16:18:00.000+00:002009-04-28T16:19:41.347+00:00Slán leis an nGaeilge!Fágaim slán leis an Tuiseal Ginideach,
Leis an gClásal Coibhneasta Indíreach,
Leis an Alt agus leis an mBriathar Saor.

Slán le lucht na hollscoile,
A dheireann mo bhfuilim mícheart
is nach bhfuil blas nádúrtha ar mo chuid ‘d’-anna
nó sa tslí is a dheirim ar an n-oileán.

Iontas na n-iontas, mar sin,
Go bhfuilim braon de dhomhan
Leath-mharbh na teanga seo,
Is go bhfuilim ag fágáil slán
Leis an nGaeilge;

Teanga ghalánta atá
Tar éis bás a fháil
Mar gheall ar a cuid dochtúirí.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-8490189677467882872009-02-10T13:08:00.003+00:002009-05-25T19:35:10.533+00:00Is Leatsa Mo ChroíDo Phauric

Is leatsa mo chroí,
Is leatsa m’anam,
A mhairfidh go síoraí
Lenár ngrá a leanann
Ar aghaidh gan an t-am
Ná’n spás de dhíth air
Mar bhuail muid le chéile
Fadó sa spéir

Is tusa mo phrionsa
Is tusa mo rí
'S beidh mé dílis duitse
Go dtí go mbeidh mé im’ luí
Agus cónra im’ thimpeall
Is mo chairde faoi bhrón
Go léir sa teampall
Ag déanamh olagóin

Is tusa mo shaighdiúir
Is tusa m’fhear
Is tusa mo Thiarna
Chomh láidir le dair
Chomh huasal le hiarla
Ó na blianta fadó
Tá tusa in ann
Mé a chosaint gan stró

Is tusa mo laoch
Is tusa mo stór
Is tusa an té
Lena bhfuilim go mór
Is go hiomlán i ngrá
Ó do chonaic mé thú
Is mé leatsa anois
Ní rachfainn choíche amú.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-19239723527124630962009-02-05T14:00:00.002+00:002009-02-05T14:20:23.117+00:00Coinneal (I gCuimhne Chiaráin)In ainm na tine, nach múchfar choíche
I gcuimhne an té a mairfidh go deo.
In ainm an tsneachta a thit inniu
Is leatsa an lá seo, inár gcuimhne go deo.

Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-18311032161189667992009-02-03T09:53:00.000+00:002009-02-03T09:54:24.769+00:00Iarracht, Uimh. IIAnois, agus an solas íseal
Agus an ceol á sheinnt go bog
Bainim díom mo chuid éadaí
Agus ligim dóibh titim ar an úrlár.

Luím síos ar an leaba singil seo;
Leaba singil, ionas nach mbeadh spás eadrainn
Fad is atá muid le chéile

Éistíonn muid leis an bhfonn atá
Ag teacht ón seinnteoir ceoil,
Agus é mar fhuaimrian an radhairc seo,
Ar nós go mbeadh sé mar phíosa scannáin

Mothaím thú, agus mothaím go láithreach
Faoiseamh – an t-aon focal atá agam dó.
Níl orm é a aistriú dod’ shon
Mar mothaíonn tú chomh maith é – ní gá labhairt.

Ní thugaim fé ndeara é go dtí ansin
Go bhfuil an imní, an neamh-mhuinín,
Go léir tite díom le héadaí an lae;
Níl fágtha romhat ach mo chorp glan ionraic.

Anois, agus mé lán-nocht taobh leat,
Agus mé bródúil as ár gcuid grá
Tá muinín agam as an tine seo,
Nach n-éireoidh mé dóite

...an uair seo.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-10054005396471694422008-11-15T14:53:00.000+00:002008-11-15T14:54:10.129+00:00SagartNá bheannaigh mé.

Ná hinis dom
Faoi do Dhia,
Do leabhar,
Ná do chuid sailm.

Ná hinis dom
Ach fút fhéin
Agus fútsa amháin,

Mar nílim ag iarraidh
Aithne a chur ar Íosa,
Ná Máire
Ná Iósaf,
Ach ortsa;

An sagart óg aerach
Atá os mo chomhair
A raibh ag iarraidh
Mé a phógadh
Ar oíche Dhéardaoin seo caite....

Beidh tráth ann
Nuair nach dtugfaidh tú cead
Duit fhéin
Grá a thabhairt d’éinne

Is ní thuigfidh mé go deo é
An chuid sin den Caitleachas,
Go háirithe agus an grá
Ina ghné daonnachta is naofa
Dá bhfuil ann.

Ach feicim ionatsa
An Spiorad gan Smál,
An Croí Ró-Naofa
A thug Dia an tSaoil duit;

Grá.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-91423880474382854812008-11-15T14:50:00.001+00:002008-11-15T14:53:33.862+00:00Subway, Barra a'TeampaillTá slua déagóirí –
Triúr chailíní agus beirt leaids –
Ag caint go hoscailte lena chéile,
I ngan fhios go mbeadh éinne ag éisteacht leo.

De réir mar a thuigim,
Tá na leaids ag dul amach lena chéile
Agus tá iontas ar na cailíní orthu;
Taispeántar an naïvété ina gcuid comhrá.

Is glórach a nguthanna óige,
Gan cruth ná imní ná eagla
Go gcloisfeadh an duine mícheart iad
A dhéanfadh ionsaí orthu

Ach níl ina dtimpeall ach mise;

Tá’n t-adh leo, an tráth seo.

19:19, 24 Deireadh Fómhair 2008Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-11888400717126580392008-11-14T17:59:00.004+00:002008-11-14T18:07:27.977+00:00RTÉ, Daideo agus na Daoine BánaTús nua, an obair faoi dhó!
Níor athraigh mórán ó mo chéad uair anseo, fadó.

Beagnach deich mbliana ó shin a bhí sé;
Tráth ina raibh mo Dhaideo fós beo.
'Fairyland' a thug sé ar an áit seo.
Is dóigh go bhfuil an lipéad sin oiriúnach
Agus an méid sin dem' chine-se
Timpeall na háite.
Fiú agus mé sa bhlialann
Níl mise i m'aonar
Agus an gruaigeadóir ag fáil
Double-shot lattè, shot of caramel
Ooh, and that chocolate muffin as well, love.
Nílim in ann aon ghearáin a dhéanamh,
Agus mé ag ithe cous-cous le pasta glas
Agus sailéad meascaithe dom' bhricfeasta...

An mbeadh bród ar mo Dhaideo dom, measaim?

RTÉ, 14 Samhain 2008
Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-8539518636669019202008-11-12T12:18:00.001+00:002008-11-12T12:18:31.636+00:00DíomáTá tusa id’ shuí taobh thiar dom
Is tá faitíos orm roimh casadh id’ threo
Ar eagla go bhfeicfidh tú
An méid atá im’ shúile

Duine dúin oscailte ’sea mé
Is bhí tráth ann go ndearna mé iarracht
’Bheith ar oscailt do d’úsáid fhéin
Ag súil go bhfaighfinn airgead an ghrá ar ais

Ach seans maith nach dtarlóidh choíche
An íomhá dóchais ’tá ag mo chroí
Is mar sin, ní féidir liom
Casadh id’ threo.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-16233399360486046192008-11-12T12:17:00.001+00:002009-01-12T17:49:58.302+00:00Solas na GealaíI ndorchas na hoíche,

Is fada an tslí é
Ó gheata an ghairdín
Go tairseach an tí

Is de ghnáth
Níl aon solais ann
Mar níor cheannaíodh riamh é

Ach anocht
Ag beagnach meánoíche
Agus mé ag iarraidh dul abhaile,

Mo thuistí a fheiceáil
Is barróg a thabhairt dóibh
Agus dul a’chodladh,

Caitheann an Ghealach mhór
Bhán lán-chumhachtach
Solas ar mo shlí abhaile

Is tá mo bhealach abhaile
Go soiléir arís.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-54973722891974515512008-11-12T12:14:00.000+00:002008-11-12T12:15:54.635+00:00Craith DragwyddolNá hamharc orm –
Tar éis na blianta fada seo,
Tagann tú ar ais
Tar éis athrú,
Fás

Tá tú fós chomh dathúil
Leis an diabhal;
Do ghlór,
Do chorp,
Do chuma.

Ach is cuimhin go maith é
Fós,
Agus muid sna gasóga, deich mbliana d’aois
I láthair campála Larch Hill,
Agus tú ag magadh fúm
Do na leaids eile a bhí id’ ghrúpa

Agus mé ar an imeall
Mar a bhíonn fós, ar shlí,
Ach in ainneoin an rian a d’fhág tú orm,
D’éirigh mé i bhfad níos láidre

Ná mar a cheapfá riamh.Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-56864731466143478432008-10-28T12:24:00.001+00:002008-10-28T12:24:45.195+00:00Amazing CutleryThey say that to be
Raised with English
Is to be raised with
A silver spoon in one’s mouth

Ach is ó spúnóg órga
A tháinig na deora bainne seo.

24.10.08Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-188618984851210888.post-75565035083783664852008-10-28T12:23:00.001+00:002008-10-31T12:12:17.672+00:00GealtachtAg labhairt leis féin ar an mbus
Focail neamhchiallmhara
Agus é den tuairim
Gurb eisean an t-aon Éireannach ann.

Ag tabhairt amach do Mheiriceánach
(nó Brasaíleach)
Agus ionsaithe ciníochais ag teacht
Óna bhéal,

Níl ann ach cúis náire
D’Éireannaigh eile a dhéanann iarracht
Sean-íomhá na nÉireannach tipiciúil
A bhriseadh

Ach ní haon ionadh é
Go gceapann na Sasanaigh
Nach ann in Éirinn
Ach gealtacht

Go háirithe agus
An bodach sin
Ós mo chomhair.

Bus 145, ó Choláiste na hOllscoile, BÁC, go dtí lár na cathrach.
24 Deireadh Fómhair 2008Scott De Buitléirhttp://www.blogger.com/profile/08599854368862985243noreply@blogger.com0