26 Iúil 2007

Mná Chluain Tarbh, Mná Stepford

Bhuel, ar chuala tú an scannal?
Nár chuala tú an scéal?
Go raibh mí-ádh just uafásach
ag Máire ó Clontarf Square?

D'fhág a fear, chun éalú
Lena mhistress dlithiúil-ar-éigean;
Níl ach a h-iníon fágtha aici
Agus jab páirt-aimseartha beag.

Ach féach orainn in ao'chor, darling;
Nach bhfuil an t-ádh dearg linn?
Nach iontach é an saol, sweety,
Nach aoibhinn é gach lá?

Tá gach ceann dár mic
Ina imreoir láidir rugbaí;
Tá gach ceann dár n-iníonacha
Breá dathúil agus fionn.

Tá ainmneacha breatha Gaelacha acu
Cé nach mbeadh focal Gaeilge acu ;
Ach cad fiú í an teanga sin
Agus BESS á dhéanamh ag mo mhac?

Agus muide speed-walking cois farraige,
Dath 'gréine' breá orainnse,
Beidh buidéal fíona báin sa chistin
Nuair atá muide déanta lenár spórt.

23 Iúil 2007

1 trácht:

Anonymous said...

Tá do chuid scríbhinní go hiontach! Maith an fear!

x