18 Lúnasa 2007

Gafa

Tá sé ina shuí i gcoirnéal an árasáin,
Súile agus béal leath-oscailte
I ngan fhios fiú
Cén lá atá ann.

Eisean agus a chara
Ag iarraidh drugaí 'thar a gcúntar';
Cic amaideach a fháil uathu

Idir an dá linn, ta cailín breá gleoite
Ag iompar clainne don fear tanaí;
M'iníon báistí atá inti -

Is baol iad duit, a stór.

0 trácht: