09 Deireadh Fómhair 2007

Fáinní an Ghrá

Bainim mo chuid fáinní díom,
Na cinn a thug tú dom mar bhronntanais;


- I -
An ceann Áiseach, ar dtús.
Ar thaobh amháin de, an focal buan sin;
Eternity.’

Ba leatsa é an fáinne ar dtús,
Ach thug tú domsa é, agus muid ag éirí gearr
Lena chéile. Nach rómánsúil.

Ach is nimhneach an focal sin,
Mallacht de chineál éigin
Agus tú ag magadh fúm;

Dar leatsa, tá intinn agam
A mbeadh níos compórdaigh i gceann mná;
Nílim cosúil leis an lad tipiciúil, faraor!

- II -
An dara cheann a bhainim díom
Ná an Claddagh.
Siombal an ghrá, de réir dealraimh.

Ina ainneoin fadhbanna,
Taispeánann tú an grá ’tá agat dom
Nuair a mbeadh taispeántas de dhíth orm

Déanann tú jóc, agus mise ar buile
Agus cuirfeadh sé gáire orm
I soicind amháin, briseann tú mo chuid feirge

Fiú agus an locht ormsa
Tógann tú mo leithscéal faoi mo bhotún;
Fiú nár thúg mé aon cheann duit.

Anois agus mé lámhnocht,
Is féidir meá a fheiceáil ionann
Idir maitheas agus olc;

Ach an gciallaíonn sé sin
Go bhfuil muid go maith
Le chéile mar chúpla?

0 trácht: