18 Nollaig 2007

An Fear Áthasach

Bíonn tú chomh sásta i gcónaí;
Cosúil le páiste tar éis cluiche a bhuachaint
Cosúil le páiste, tá do shúile lán le hiontas
Cosúil le páiste, níl mórán eolais agat faoin domhan mór

Tá tú in ann do shaol a chaitheamh gan stró
Agus gáire a chur ar gach aghaidh ded’ chairde
Ach níl ‘fhios dóibh céard ‘tá id’ chroí
Nó céard ‘tá uaitse, fiú.

Ní tusa an brightest spark,
Is chuirfeadh sin isteach orm de ghnáth
Ach rinne mé dearmad ar sin aréir
Is mé taobh leat sa leaba, faoi rún.

0 trácht: