10 Eanáir 2008

Prionsa Priosúnta

Galar an Insomnia fós orm
Is mé beagnach ag fáil báis
Leis an slaighdeán a bhfanann liom
Ar nós fir nach bhfuil uaim.

Mílte rudaí ar siúl trím' cheann
Chomh tapaidh leis an ngaoth lasmuigh
Tá m'intinn ar nós inneall briste;
Ní stopann sé choíche.

Priosúnach is ea mé, ach Prionsa freisin
Mar is caisleán an daingean seo;
Caithfidh mé éalú ón uaisleacht seo,
Caithfidh mé faoiseamh a aimsiú.

0 trácht: