01 Bealtaine 2008

An Francach II

Teachtaireacht téics beag
B’in an méid
Agus bhí tú ar ais im’ chroí

Chuaigh muid le haghaidh caife
I gcaifé cois Life
Is d’inis tú scéal do bhróin

D’éist mé gan fadhb
Mar is cara leat mé
Is bhí orm cabhrú leat fhéin

Ach seo rún amháin
A inseoidh mé duit;
Tá mise fós i ngrá leat

Ach is cuma anois
Mar tá fear nua a’am
Ó d’fhill tú ar ais chuig d’ex

Ach anois ‘s é sin
Go léir críochnaithe eadraibh, tá
Rud éigin eadrainnse ag fás

Tá íomhá im’ cheann;
Muid le chéile, toute seule
I dteach do thuistí sa Chórsaic

An Ghrian thar an fharraige,
Do lámh im’ lámh fhéin...

...tá’s a’am nach ach brionglóid é.

0 trácht: