07 Meán Fómhair 2008

Dall

Is mór an seans go bhfuilim
Ag titim go hiomlán i ngrá leat
Agus 'sé an t-aon bhealach
'Tá agam chun é sin a thaispeáint
Ná chun pictiúir ola a dhéanamh duit.

Ach tá tú dall, agus tusa
Id' shuí insan gailearaí seo,
Os comhair mo phíosa

Ach, éiríonn tú, agus siúlann tú chuige
Is síneann tú amach do lámh
Is do mheára chun an pictiúir a mhothú;

Na cnoic is na gleannta ar an gcanbhás,
Na slithe is a ritheann na haibhneacha
Suas is síos eadarthu go léir
Agus leanann do mheára leo.

Téann tú 'rais, is suíonn tú síos,
D'aghaidh i dtreo an phíosa,
Tógann tú isteach an méid a chonaic do chraiceann
Agus feiceann tú fós an ealaín.

0 trácht: