28 Deireadh Fómhair 2008

Gealtacht

Ag labhairt leis féin ar an mbus
Focail neamhchiallmhara
Agus é den tuairim
Gurb eisean an t-aon Éireannach ann.

Ag tabhairt amach do Mheiriceánach
(nó Brasaíleach)
Agus ionsaithe ciníochais ag teacht
Óna bhéal,

Níl ann ach cúis náire
D’Éireannaigh eile a dhéanann iarracht
Sean-íomhá na nÉireannach tipiciúil
A bhriseadh

Ach ní haon ionadh é
Go gceapann na Sasanaigh
Nach ann in Éirinn
Ach gealtacht

Go háirithe agus
An bodach sin
Ós mo chomhair.

Bus 145, ó Choláiste na hOllscoile, BÁC, go dtí lár na cathrach.
24 Deireadh Fómhair 2008

0 trácht: