03 Feabhra 2009

Iarracht, Uimh. II

Anois, agus an solas íseal
Agus an ceol á sheinnt go bog
Bainim díom mo chuid éadaí
Agus ligim dóibh titim ar an úrlár.

Luím síos ar an leaba singil seo;
Leaba singil, ionas nach mbeadh spás eadrainn
Fad is atá muid le chéile

Éistíonn muid leis an bhfonn atá
Ag teacht ón seinnteoir ceoil,
Agus é mar fhuaimrian an radhairc seo,
Ar nós go mbeadh sé mar phíosa scannáin

Mothaím thú, agus mothaím go láithreach
Faoiseamh – an t-aon focal atá agam dó.
Níl orm é a aistriú dod’ shon
Mar mothaíonn tú chomh maith é – ní gá labhairt.

Ní thugaim fé ndeara é go dtí ansin
Go bhfuil an imní, an neamh-mhuinín,
Go léir tite díom le héadaí an lae;
Níl fágtha romhat ach mo chorp glan ionraic.

Anois, agus mé lán-nocht taobh leat,
Agus mé bródúil as ár gcuid grá
Tá muinín agam as an tine seo,
Nach n-éireoidh mé dóite

...an uair seo.

0 trácht: