24 Samhain 2009

Athuair

Tharla sé arís
Nuacht nua
Ar sheanaimsir,
Á chur faoi sholas nua salach

Agus é á léamh agam
Faoi dhó, faoi thrí, faoi cheathair
Mothaím mo chroí á bhualadh
Ag teacht amach ó mo bhéal.

Ach ní thagann deora.
Ní bheidh siad le feiceáil arís.
Ghol mé an iomarca deora dó
Agus níl fonn air iad a thirimiú.

Bhí an t-ádh dearg liom
Éalú uaidh agus an seans agam;
Éalú ón mbréagadóir, ón gcladhaire,
Ón gcroí-bhriseadóir ainniseach.

Rinne mé neamhaird ar na fógraí
Ach déanann an grá dall asat
D’éalaigh mé ina ainneoin sin;
D’aimsigh mé an slí amach le mo chroí.

Agus anois,
Táim i lár an tsolais;
Slán sábháilte arís.

1 trácht:

Alison Ní Dhorchaidhe said...

Go hálainn Scott, i ndáiríre. Is breá liom an chaoi a úsáideann tú téarmaí ar nós "croí-bhriseadóir", go hiontach!