26 Iúil 2007

Buachaill Bán Solais

Dhíol mé m'anam
Ní fios cé a cheannaigh é
Níl ach rian fágtha
Den té a bhí ionam, tráth

Cheap mé, agus mise óg
Go mbeidh mé difiriúil uathu go deo
Nach rómánsúil an smaoineamh
Go rabhas chomh bán le haingeal, fadó

Ní hé sin an scéal a thuilleadh;
Táim i ngan fhios cé atá ionam anois
B'fhéidir, lá éigin, go mbeinn in ann filleadh
Ar ais go dtí an Buachaill Bán Solais

A bhí ionam roimh an bpian
Roimh an dráma, 's roimh an bhfíon;
Sula raibh aon fhadhbanna ann;
Na cinn atá fós im' cheann.

Sílim go bhfuil lasrach beag ann go fóill;
Cionnle beag i gcroílár mo chroí
B'fhéidir gur píosa dóchais é sin
Go mb'fhéidir go bhfuil anam fós agam istigh

Tá gach píosa dem' fhuinneamh imithe
Agus ní féidir mé féin a aimsiú níos mó
Ach beidh mé ar ais chugam féin
Agus fanfaidh an Buachaill Bán Solais ionam go deo.

1 Meitheamh 2007

0 trácht: