26 Iúil 2007

Rogha

Never give a Kilkenny man a choice," a
Dúirt mé cúpla lá ó shin,
"He'll be thinking there for days!"
Is léir anois go bhfuil fuil Chill Cheannaigh
Á rith trí mo chorp!

Tá rogha agam; mo chroí
A thabhairt d'fhear amháin (ó thriúr)
A bhfuil sé tuillte aige -
Cé a gheobhaidh é?

Ní dóigh go bhfuil mo chroí
Réidh d'fhear eile
Agus uaireanta
Ní cheapaim go bhfuil croí agamsa
Ar chor ar bith a thuilleadh!

***

D'athraigh mé, mar a dúirt m'ex liom tráth.
Nílim im' dhuine chéanna, neamhchosúil leis an
gCeann a bhí ionam nuair a thosaigh mé ag
Siúl amach leis, beagnach dhá bhliain ó shin;
Bhí 'chuile rud difiriúil ansin.

1 Meitheamh 2007

0 trácht: