Sular bhuail mé leat
Bhí mo dhomhan foirfe;
Buachaill nua, cairde nua,
Bhíos sásta, a cheap mé.
Ansin, chuir m'fhear thusa in aithne dom
Agus d'athraigh 'chuile rud
I gceann coicíse, d'athraigh mo shaol
Bhí réalta nua i mo spéir arís.
Tuigeann tú mise, cé nach bhfuilimid
Le chéile ach ar feadh coicíse
Ach mar is gnáth, níl sé simplí;
"Is casta cúrsaí an chroí"
An chéad oíche le chéile
Agus bhí ormsa mo bheola a chur ar "m'fhear"
Cé gur chaill sé mo chroí
Ón nóiméad a chur sé thusa in aithne dom.
"Neosfaidh an aimsir."
14 Meitheamh 2007
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
0 trácht:
Post a Comment