Dúnaim an doras, ionas
nach mbeidh duine ar bith in ann
cur isteach orm.
Ciúneas iomlán, seachas cogar
nó dhó ón domhan lasmuigh
dem' cheann dubh féin.
Casaim an eochar, ionas
nach mbeadh duine ar bith
in ann an doras a oscailt
Agus mé a scaoileadh
ó mo dhorchas dubh fhéin
cé go mbeadh sé do mo mhaitheas.
Cé nach mbeadh a fhios agam, fós.
26 Iúil 2007
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
0 trácht:
Post a Comment