26 Iúil 2007

Croíbhriste

Folamh, briste 'gus marbh
Ach in ainneoin sin, níl tú uaim
Ní a thuilleadh, ní mar leannán
Ach ar bhealaigh eile, ba mhaith liom thú

A bheith anseo,
A bheith liomsa
Chun barróg a thabhairt dom
'Gus chun mo chroí a dheisiú.

Táim ag iarraidh caoineadh
Agus é a ligint amach
As m'anam, as mo choirp
Agus chun mé féin a fháil ar ais.

I mo luí 's i m'aonar,
Brathnaím easpa atá im' sheomra;
Níl tusa anseo a thuilleadh,
Níl ach d'éadaí fágtha.

Ligim osna
Chun m'anáil a thairringt
Ach níl ach dubh le mhothú umam -
An dath ab fhearr leatsa.

Is cara thú anois, a chroí
'S tá cara agat ionam
Beidh mé anseo duit, a chroí
Má tá cluas uait.

Seo é deireadh dár ngrá, a chroí
Ach ní hé seo deireadh an scéil
Leanfaidh muid ar aghaidh lenár saoil,
Á! Mo chroí, sin é an tsaoil.

Nuair a fhágann leannán,
Tagann sé do chroí, agus ní bheidh tú i gceart
Go dtí go bhfásann ceann nua
In ionad de'n seancheann.

Cluain Tarbh,
26 Meitheamh 2006

0 trácht: