26 Iúil 2007

Éireannaigh à la Carte

Agus mise is m'fhear amach ar date aréir, chuaigh muid chun dinnéar a fháil i mbialann Síneach sa cheantar Áiseach (b'fhéidir gur chóir dom Chinatown a thabhairt air) i mBleá Cliath, i. Sráid Pharnell. Chuaigh muid go dtí bialann Coiréach a raibh béilí deasa aici, dar lena biachlár.
Athraíonn go tapaidh an saol i mBleá Cliath. 10 mbliana ó shin, ní bheadh ach Éireannaigh, fíor-Dubs sa cheantar sin. Anois, is annamh Éireannach a fheiceáil ar Shráid Pharnell. Bhí teach tábhairne Polannach darb ainm Zagloba in aice linn, agus treasna an bhóthar, bialann Síneach a chur síos ar an Éire nua s'againne ina hainm - Parnell City Chinese Restaurant.


Ní dhearna ainm na bialainne aon chiall dom, níorbh le Charles Stuart Parnell an príomhchathair. Ach, bhí orm smaoineamh liom fhéin nach mbeadh a fhios ag na Dubs nua seo faoin sórt duine a raibh i bParnell. B'fhéidir go mbeidh a fhios ag a gcuid páistí nuair a fhreastalaíonn siad ar scoil, agus iad ina nÉireannaigh Síneacha; b'fhéidir ansin go mbeadh a bpáistí in ann insint dá dtuistí cérbh é Parnell, agus cén fáth nach ndéanann Parnell City aon chiall.


Seans maith gurb muide (mise agus m'fhear) an t-aon cúpla Éireannach inár mbialann an oíche sin. Bhí popcheol Áiseach ar siúl, nuacht Síneach ar siúl ar an teilifís a bhí acu ar chúl na bialainne in aice leis an gcistin, agus b'é an t-aon fhógra a raibh acu i mBéarla ná an ceann 'No Smoking' faoi cheann des' na pictúirí. Fiú go raibh ainmeacha ar na freastalaithe scríofa i Sínis - is fíor gurb fhreastalaithe Síneacha iad, ach ní bheadh ach Sínigh in ann iad a léamh, so céard fúinnse?
Dúradh liom tamall ó shin go bhfuil níos mó Sínigh in Éirinn anois ná Gaeilgeoirí líofa. Deirtear anois gurb é seo an cás chéanna maidir leis na Polainnigh, agus más fíor é, ní chuirfeadh sé aon iontas orm. Tá nuachtáin agus irisí ar fáil i dteangacha eile nach Béarla ná Gaeilge iad, atá ag freastal ar an diaspora nua s'againne in Éirinn, agus muid mar pháirt tábhachtach den Aontas Eorpach.


Ach céard faoinár dteanga fhéin? Maidir liomsa, ba bhreá liom eachtrannaigh a fheiceáil ag foghlaim na Gaeilge chun ár dteanga náisiúnta a leanúint ar aghaidh. Tá aithne agam ar roinnt eachtrannaigh atá sé sin á dhéanamh acu - bhuail mé le fear ó Trinidad & Tobago ar an idirlíon le déanaí atá ag foghlaim na Gaeilge toisc go bhfuil ainm Gaelach - Kevin (Caoimhín) - aige. Thar Seachtain na Gaeilge i mbliana, beidh clár darb ainm "Níos Gaelaí" ar siúl ar RTÉ, ag plé faoi na heachtrannaigh atá ag foghlaim na Gaeilge. Is fógra maith é do thodhchaí na teanga, ach is trua nach bhfuil sí á fhoghlaim ag 'chuile nua-Éireannach.


Is cás aisteach é m'fhear, agus náisiúnachas i gceist. Nuair a dúirt mé leis, agus muid sa bhialann, nach bhfuil go leor Éireannaigh dúchasacha sa cheantar ina raibh muid a thuilleadh, dúirt seisean gurb fhéidir go bhfuil sé sin go maith. Ní maith leis Éireannaigh, im' thuairimse, toisc gur fhás sé in áit 'crua' i mBleá Cliath. Níl meas aige ar an tír, ar an gcultúr ná ar a muintir fhéin. Tuigim go maith go bhfuil sé mar sin toisc nach raibh taithí maith aige ar aon chuid de agus é óg, ach seo an rud aisteach; nuair a bhí sé ina theach tábhairne is fearr leis sa chathair, roimh an clúiche ollmhór rugbaí idir Éire agus Sasana i bPáirc a'Chrócaigh, chuala sé grúpa Sasanach ag rá 'fuck the Irish' lena chéile go glórach. Dúirt sé liom nuair a bhíos ag caint leis ar an nguthán go chuir sé sin an-fhearg air. Oíche eile, agus é ag obair sa phictiúrlann ina bhaile fhéin, thosaigh col ceathrar Sasanach le chara leis ag rá 'but why didn't the Irish fight back against the English when you were being invaded?' Ba léir nach raibh eolas ar bith aici faoi na heachtraí a tharla fadó.
Thosaigh m'fhear ag cosaint a thír agus a mhuintir, cé nach maith leis Éire, an Ghaeilge ná na Gaeil. Ach in ainneoin sin, throid sé an Sasanach ar son na nGael. Cheapas fhéin go raibh sé seo fíor-aisteach; is Éireannach à la carte é m'fhear, agus is dóigh gur Éireannaigh à la carte iad Sínigh Pharnell City. B'fhéidir go bhfuil an sórt aitheantais náisiúnach sin níos fearr ná faic.

0 trácht: