26 Iúil 2007

Ionsaí

Cad 'tá cearr, libhse go léir;
Go bhfuil oraibh 'bheith páirteach
I saolta na ndaoine nach mbaineann
Libhse a thuilleadh?

Cén fáth go bhfuil oraibh bréaga a chumadh;
Bréaga dochreidte, bréaga déistineacha!
Cén fáth nach féidir libh fanacht amach
Ó shaolta na ndaoine 'tá sásta?

Bhain sibhse iarracht eile
Mo chroí; an grá 'tá agam a chríochnú
Agus chreid sé sibh, ar feadh tamall,
Ach t'ár ngrá níos láidre ná sin.

Ní chreidim cé chomh h-íseal 's atá
Bhur n-anamnacha, 'gus ní bheidh lá
Nuair a bheidh muid ag ithe le chéile ar an mbórd
Choíche.

0 trácht: