29 Eanáir 2008

An Eitilt

Is tusa an píolóid ar an eitleán seo
Níl ionam ach paisinéar
Mar is leatsa an cinniúnt cá'il muid ag dul
Nó má thiteann muid as an spéir.

Na rútaí go léir, tá an-rogha againn;
Páras, an Chorsaic, nó Corcaigh na Seolta
Tá mo phas agam is táim réidh le himeacht
Cúir tús leis an ineall - away linnse.

Má théann muid thar na scamaill
Is má fhágann muid an stoirm inár ndiaidh,
Ní bheidh ach an Ghriain ós ár gcomhair
Is áthas an domhain inár gcroithe.

"A dhaoine uaisle, fáilte ar bórd
Ar Aer Álainn na Fraince;
Bí cinnte go dtabhairfaidh sibh (ar eagla na heagla)
An córas éalúcháin faoi ndeara..."

0 trácht: