05 Feabhra 2008

Ádh

An chéad uair a chonaic mé thú,
Ní raibh ach teagmháil súile ann
Is mé amach le seanchara ded’ chuid
Ach níorbh leisean mo chroí

An dara uair a chonaic mé thú
Amach i mBarcode, club oíche m’óige;
Muid ar an dancefloor, teagmháil súile
Ach rud ar bith eile go fóill.

An tríú h-uair a chonaic mé thú
Chuir sé gáire orainn beirt
D’éirigh leat ‘haidhe’ a rá liom
Is do chara taobh leat (do thacaíocht!)

Caitheas an oíche sin amach leat
Is chuir muid aithne againn ar a chéile,
Mar bhí níos mó ná dúil eadrainn
Is fanaim anois go dtí’n cheathrú h-uair.

1 trácht:

Anonymous said...

go an deas ar fad..