05 Feabhra 2008

An Gortú Deireanach

Do Darragh Haigney

Is aisteach liom conas a bhfuil tú fós
In ann cur isteach orm, agus mo chuid
Mothúcháin a mheascadh suas, ionas
Nach bhfuil a fhios agam cad atá á dhéanamh agam.

Táim scartha uait, ach troideann muid fós
Ar nós go bhfuil muid meánaosta is pósta dá chéile;
Íoróin atá ann, má cheapann tú faoi –
Mar bhí tú ag iarraidh mé a phósadh, tráth.

Gortaíonn muid a chéile fós,
Cé go bhfuil saoirse againn óna chéile...
Nó an bhfuil? Níl muid ag roinnt an leapa céanna
Ach is léir nach bhfuil muid críochnaithe.

B’fhéidir nach bhfuil, ach chuir mise stop leis
Agus mise tar éis tú a ghortú arís
Agus mé ag caint faoin ngrá nua s’agamsa;
Níorbh chóir dom é a dhéanamh. Brón.

Is beag an méid a thuig mé fútsa,
Agus seans nach rabhasa chomh soléite sin ach an oiread,
Agus cé go ndearna muid ár ndícheall ‘bheith le chéile,
Níor oibrigh sé, ach ar theip Grá orainn?

Níl ‘fhios cad ar fhoghlaim mé uait,
Is seans maith nár fhoghlaim thú rud ar bith uaimse
Is cinnte nár fhoghlaim tú conas ar oibrigh m’intinn
Ach is dóigh go raibh sé i dteanga eile.

Fós, tá súil agam nár chuir muid ár gcuid ama amú
Mar ba thréimhse fada é beagnach trí bhliain
Go háirithe dúinnse, agus muid fós óg;
Laghdóigh do thionchar gan mhaoill.

Go dté tú slán, is go n-éirí leat
Leis an gcéad fear eile a bhfanann leatsa;
Beidh an t-ádh dearg leis, agus tú a aimsiú,
Má tá sé in ann déileáil leat.

Déanaim sár-iarracht leanúint ar aghaidh,
Is tá súil agam go mbeidh mé in ann gan stró
Ach ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar ár gcuid gáire;
Laethanta a d’imigh uainn fadó.

Mullach Íde, 4 Feabhra 2008

0 trácht: