03 Meán Fómhair 2008

Ní hÍ Seo Mo Thír

Polainnis le cloisteáil i ngach uile sráid
Gaeilge á labhairt i mBleá Cliath ag náid
Le bailte nua de chuid Ikea,
Ní hí seo mo thír

Canúintí aisteacha ó h-athrú teangan
Nósanna nach bhfuil eolas a'am orthusan
Le bailte nua de chuid Ikea
Ní hí seo mo thír

Ag iarraidh éalú go ríocht eile
A bhfuil faiseanta, bríomhar, le sean-chultúr nua
Mar in Éirinn na nGael, is mise an eachtrannach
Mar (anois) ní hi seo mo thír.

Gaillimh, 3. Meán Fómhair '08

1 trácht:

Maighdean mara said...

Is bréa liom an dán seo. Do bhíos corraithe á léamh. Mothaím an rud chéanna uaireanta agus caithfidh mé na deora a brú síós. Go raibh maith agat.