12 Samhain 2008

Craith Dragwyddol

Ná hamharc orm –
Tar éis na blianta fada seo,
Tagann tú ar ais
Tar éis athrú,
Fás

Tá tú fós chomh dathúil
Leis an diabhal;
Do ghlór,
Do chorp,
Do chuma.

Ach is cuimhin go maith é
Fós,
Agus muid sna gasóga, deich mbliana d’aois
I láthair campála Larch Hill,
Agus tú ag magadh fúm
Do na leaids eile a bhí id’ ghrúpa

Agus mé ar an imeall
Mar a bhíonn fós, ar shlí,
Ach in ainneoin an rian a d’fhág tú orm,
D’éirigh mé i bhfad níos láidre

Ná mar a cheapfá riamh.

0 trácht: