12 Samhain 2008

Solas na Gealaí

I ndorchas na hoíche,

Is fada an tslí é
Ó gheata an ghairdín
Go tairseach an tí

Is de ghnáth
Níl aon solais ann
Mar níor cheannaíodh riamh é

Ach anocht
Ag beagnach meánoíche
Agus mé ag iarraidh dul abhaile,

Mo thuistí a fheiceáil
Is barróg a thabhairt dóibh
Agus dul a’chodladh,

Caitheann an Ghealach mhór
Bhán lán-chumhachtach
Solas ar mo shlí abhaile

Is tá mo bhealach abhaile
Go soiléir arís.

0 trácht: