15 Samhain 2008

Sagart

Ná bheannaigh mé.

Ná hinis dom
Faoi do Dhia,
Do leabhar,
Ná do chuid sailm.

Ná hinis dom
Ach fút fhéin
Agus fútsa amháin,

Mar nílim ag iarraidh
Aithne a chur ar Íosa,
Ná Máire
Ná Iósaf,
Ach ortsa;

An sagart óg aerach
Atá os mo chomhair
A raibh ag iarraidh
Mé a phógadh
Ar oíche Dhéardaoin seo caite....

Beidh tráth ann
Nuair nach dtugfaidh tú cead
Duit fhéin
Grá a thabhairt d’éinne

Is ní thuigfidh mé go deo é
An chuid sin den Caitleachas,
Go háirithe agus an grá
Ina ghné daonnachta is naofa
Dá bhfuil ann.

Ach feicim ionatsa
An Spiorad gan Smál,
An Croí Ró-Naofa
A thug Dia an tSaoil duit;

Grá.

1 trácht:

Bo said...

I liked this v. much - sorry as always for writing on your blog in English. I was startled by the 'joyful, frolicksome' priest - untill I guess the modern meaning of aerach from the context! ;)