25 Bealtaine 2009

Hóbó

Léimeann fear ar an mbus,
Corp shaighdiúra
Craiceann salach
É ag labhairt leis féin

Cheapas ar dtús (náire m'óige!)
Go raibh cluaisín Bluetooth aige
Mar ba chosúil go raibh comhrá ar siúl

Níorbh ea.

Shuí sé síos ar chúl an bhus
ag insint scéil dó féin;

"I've the brains of a policeman,
I've the brains of a gangster,
I've the brains of a fighter,
I've the brains of me father..."

Briseann sé amach ag gáire,
agus déanann a shrón briste
Fuaimeanna ar nós sróin muice.

Ach tosnaíonn sé arís,
Ag caint leis an namhaid istigh;

"But I'll take any of them,
I'll take any of those lads
At your bird's twenty-first,
I'll give them a long fight,
I'll show them the traveller's way..."

Cuireann a chuid focla
Eagla is míchompórd ar dhaoine eile an bhus,
agus téann roinnt dóibh síos chuig an caráiste íochtarach

Ach fanaimse i mo chathaoir.
Éistím leis - i ngan fhios dó féin -
Mar tá a chuid cainte dínascaithe
Ar nós filíochta dom.

0 trácht: