28 Bealtaine 2009

Oíche sa Rinn

An triúr againn i do theachsa
Ar chósta álainn na Rinne,
Triúr leaids aeracha,
Triúr chairde,
Ó thaobhanna difiriúla na tíre;
Cathair na dTreabh,
Cathair na nGall
agus an Chrois Ghearr.

Ag fanacht ar feadh oíche amháin,
Tá muid inár gcompórd anseo
Ar nós go raibh muid gaolta
Nó inár gcónaí le chéile la fada.

Anois, sula dtéann muid 'nár gcodladh,
Tá síocháin neamhtheannasach eadrainn
Agus an báiste ag titim lasmuigh go trom -

Nóiméad breá suamhnais
I ndiaidh na stoirme.


Baile na nGall, An Rinn, Co. Phort Láirge
27 Bealtaine 2009

0 trácht: