15 Aibreán 2008

Seans Deiridh

“Is ar éigean go bhfuil sé ar leaba a bháis,”
A dúirt an dochtúir léi,
“Ní féidir mórán a dhéanamh dó
Mar d’imigh a anam ar strae...”

Fuinneamh caillte, gan aon rian fágtha,
N’fheadar cá ndeachaigh sé
Mar ní leis a shaol-sa féin,
Beidh sé marbh roimh deireadh an lae.

An fear bocht sin, ina aonar sa seomra,
Agus na gaolta ag caint lasmuigh
Ní féidir ach smaoineamh leis féin sa dorchas
Faoin bhfuacht a mbeidh ar fáil san uaigh

Aithníonn sé taibhse, ansin ina shuí
Os a chomhair ag deireadh na leapan
“Fuist, a mhic, d’athair anseo,
Beidh tú slán anois is mé leat.

Seans amháin a bhfaighfidh tú anseo,
Mar is é seo Neamh féin ar Thalamh;
Seans amháin fágtha, chun do dhícheall a dhéanamh
Éirigh leat féin, is bí ullamh”

Tuirseach traochta a raibh an fear óg,
Ach d’éirigh sé as a luí
Is d’fhéach sé amach ar áilleacht a bhaile;
‘Tarraing anáil, is bí réidh, a thaiscigh’.

0 trácht: