Showing posts with label Caidreamh. Show all posts
Showing posts with label Caidreamh. Show all posts

22 Samhain 2007

Deireadh (I gCuimhne Ár gCaidrimh)

Deireadh leis an scéal
Cinniúint déanta agam,
Ní fheicfidh tú ag teacht romhat é
Ina ainneoin na bhfógraí a sheol mé chugat.

I love you so much,’ a deireann tú fhéin
Agus déanaimse mo dhícheall é a athrá
Ach éirím tuirseach den teannas s’againne,
Is tá sruthán an ghrá tirim anois.

Cé nach mothaím mórán duit a thuilleadh
Déanaim sáriarracht ciall a úsáid;
Beagán ioróine, is dóigh, má cheapann tú faoi;
Cúrsaí an chroí i gceist.

Níl fonn orm tú a chailleadh go deo,
Is cuid dem’ chuidse thú féin,
Ach ní féidir leanúint ar aghaidh mar atá
Nuair atáim ag éirí cráite lenár gcuid grá.

Im’ shuí i léacht fada Gaeilge,
Táim chomh scartha uait is a bhfuilim in ann
Domhan amháin ionam, domhain garbh ionatsa;
Tá níos mó ná difríocht teangan eadrainn.

Saol breá bríomhar, mar is gnáth;
Gáire i gcomhrá na gcarad,
Ach smaoiním fút, is éirím fuar,
Mar b’é seo an seans deireanach.