Showing posts with label Denmark. Show all posts
Showing posts with label Denmark. Show all posts

16 Iúil 2008

København

Tá guthanna do mhuintire
Ag glaoch orm gach oíche
Agus mé go suan im’ chodladh
Ag iarraidh orm filleadh thar n-ais

Chuig do chathair mhór álainn;
København, Cuan na gCeannaitheoir,
Croílár na Lochlannach is na nGall
A bhíodh anseo in Éirinn, tráth.

Ní féidir a rá, ní féidir liom a dhiúltú
Nach bhfuil píosa beag díom, ar a laghad
Ina Lochlannach féin, mar mothaím
Sa bhaile ann, i measc na Danmhairgeach

I Rådhuspladsen, cearnóg mór na cathrach,
Nó taobh uisce i Nyhavn, gearr leis an bpálas,
Táim mar cheann dóibh, saoránach im’ thír féin
Cé go bhfuilim ná céadta ciliméadar óm’ fhíorbhaile fhéin;

Cathair Átha Cliath – Daingean na nÉireannach.