Showing posts with label Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Gaeilge. Show all posts

20 Aibreán 2010

Bórdshiúl Bhaile Dúill

Agus mise ag siúl
Ar bhórdshiúil Bhaile Dúill
Tá cumhacht na hoíche i bhfeidhm;
Na héin ar an gcuan
Ina gcodladh go suan
Seachas scread fánach ó chadhain.

Tinte Bhinn Éadair
Agus nithe nach féidir
A fheiceáil leis an siúl go brách
Ar nós na síóga
Is na mairbh a bhí cróga
Ar chóir ’bheith ar eolas do chách.

Ach tá mé i m’aonar,
Ag súil go ndéanfar
Síoraíocht as an oíche anocht
Mar tá mé i mo shuan
Insan dorchas buan;
Áit cheart le bheith ag brionglóideacht.

Agus mise ag siúl
Ar Bhórdshiúl Bhaile Dúill
Is an Ghealach ar nós Banríona;
’Sé an paidir a ghuím
Is na focla a dheirim
Ná a bheith slán ón daoirse daonna.

19 Aibreán 2010

26 Nollaig 2009

Haiciú Nollag

Bláithín Nollag



Maidin fhuar Nollag;

An talamh dubh reoite,

ach,

Bláth aonair ag fás.


Little Flower of Christmas



A cold Christmas morning;

The black soil is frozen,

yet,

A sole, beautiful flower grows.





פרח קטן של חג-המולד


בוקר קר של חג המולד;

האדמה השחורה רטובה,

אך עם זאת,

פרח יחיד, יפייפה צומח.

17 Samhain 2009

Athfhás

Báisteach bog

Ag titim go mall

Ar nós an ghrá.

10 Meán Fómhair 2009

Ná Lig Mé i gCathú

Anois agus mé slán sa bhaile,
An bhfuil sé fós ann;
Á mo chuardú,
Ag breathnú thart,
Dóchasach go n-aimseoidh sé mé?

Ar mhothaigh sé é sin freisin,
Nuair a chroith sé mo lámh
Agus d’fhéach ’steach i mo shúile

Nuair a mhothaíos cineáilín ciontach
Agus mo bhuachaill thuas staighre;
É féin lenár gcairde
Ag comhrá is ag gáire le chéile

Ach mise ag caint leis an strapaire seo,
Á chuir féin in aithne dom;

‘An mbeidh tú thuas staighre níos déanaí,’
A fhiafraíonn sé dom,
‘An mbuailfidh mé arís leat ann?’

‘Cinnte, yeah,’ a dheirimse leis,
Gan a rá go mbeidh mo bhuachaill liom...

‘Iontach, ar fheabhas,’ a dheireann sé liom,
‘Mar ’ sé go deas bualadh leatsa anocht,’
Ach deireann an gáire,
An meangadh mór,
Níos mó ná a chuid focla.

‘Agus leatsa,’ arsa mé;
Ach tosaím ag casadh
I dtreo na staighre éalaithe

Agus téim ar ais
Chuig an buachaill ceart;
An fear lena bhfuil mo chroí.

16 Bealtaine 2009

Imeacht Grásúil (Dúntacht)

Conas a mbeinn in ann
Áit a thógáil leo siúd;
Iadsan.
Na Máistrí ar thug ionsporáid dom,
agus meas
agus grá,

Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche
ar an mbáidín teangan,
Ná'n strapaire óg, sé throigh in airde,
Ná na trí léim ó thairseach tí.

Leanfaidh mé ar aghaidh, anois is mé saor,
Ó dhorchas na léachtlainne,
Ó smúit na seanleabhar ollscoile

Ó dhúntacht na smaointe.

28 Aibreán 2009

Slán leis an nGaeilge!

Fágaim slán leis an Tuiseal Ginideach,
Leis an gClásal Coibhneasta Indíreach,
Leis an Alt agus leis an mBriathar Saor.

Slán le lucht na hollscoile,
A dheireann mo bhfuilim mícheart
is nach bhfuil blas nádúrtha ar mo chuid ‘d’-anna
nó sa tslí is a dheirim ar an n-oileán.

Iontas na n-iontas, mar sin,
Go bhfuilim braon de dhomhan
Leath-mharbh na teanga seo,
Is go bhfuilim ag fágáil slán
Leis an nGaeilge;

Teanga ghalánta atá
Tar éis bás a fháil
Mar gheall ar a cuid dochtúirí.

28 Deireadh Fómhair 2008

Capital Gaeilge

A Íosa, a Mháire, conas atá?
Aon craic leatsa, a chroí?

Críost, ní fhaca mé thú le fada!
Tar ’nseo, ’raibh tú ag caint le Bríd inné?
Ar chuala tú céard a tharla?

Chuaigh a fear ar an dól, an bastard bocht,
Chaill sé a phost, an focar –
Dar léithí féin, bhí sé ’g ól ar an jab,
Ach rinne an Polannach an rud céanna an lá roimhe!

Conas ’tá Jack, ’bhfuil sé ’g éirí go maith?
’bhFuil sé i gColáiste Mhuire ’nois?
Is breá leis an Ghaeilge, an ídiot bocht,
Ach ní bhfaighfidh sé rud ar bith léi...

Leanfaidh sé ’r aghaidh, is dóigh liom féin
Le bheith ina mhúineoir nó pé rud;
Muna bhfuil Rúisis agat sna laethanta seo,
Tá sé focht gan seans d’aon rud eile.

Coimír luibh, ainí udar niús?
Aidhm gana hafta límh dhe sún,
Mi fealas mí-fhinn mi a do spaidhear ina mó!
Dhe goghann clubann tanai?

A désas luibh, iúr nó fon a áill.

26 Lúnasa 2008

Teachtaireacht Ríoga

Éistígí go curamach, a dhaoine uaisle na nGael,
Mar seo dhaoibh anois teachtaireacht Ríoga
Ó mhac na nIarlaí nach bhfuil cumhachtach a thuilleadh,
Nach ann anois ach file óg cróga

Leanaígí ar aghaidh leis an uaisleacht s’agaibhse
A thugann an teanga seo daoibhse go léir
Taispeáinígí don domhan mór seo againne
Go bhfuil Ríthe ár dtíre fós bríomhar is beo.

Cuir náire orthu siúd nach bhfuil focal dúchais acu,
Cuir fearg orthu siúd ar cheapadh go raibh muid briste
Cuir bród orthu siúd nach maireann a thuilleadh
Cuir alltacht orthu siúd nár chuala muid riamh.

Ná déanaígí é seo ach trí bhealach amháin;
Is le bród a thaispeáint chun an Ghaeilge a labhairt
Mar is milis go deo íomhá áille a thaispeáint
Ná fórsa militeach ó h-amadáin caillte.

Is mar gheall ar a ríocht na nGall a chailleadh ár n-uaisle
’S ár ríthe féin gan mórán dóibh fágtha
Ach níor chaill éinne againn ár ríogacht-sa féin
Mar is uaisle ’tá i ngach éinne againn go léir.

01 Bealtaine 2008

Sasanach M'Intinne

Níl tú fíor
Ní ach aisling thú
Ach tá íomhá agam díot i m’intinn
Is tá sé chomh réalaíocht sin

Go gceapaim go bhfuilim
Ag dul as mo mheabhar
Mar nílim ag titim i ngrá le aon Sasanach
Seachas an té ’tá im’ cheann.

Uasal, árdnósach, is béasach i gcónaí
Leis an gcanúint sin a chuireann gáire
Ar m’aghaidh... go dtí go
dTugaim faoi ndeara nach ann an aisling.

’bhFuil míniú leis an mbrionglóid seo?
An mbeinn ag siúl amach lá éigin
Le fear deas Sasanach, tráth,
Nó an dtuigim é ’chor ar bith?

Baile Átha Cliath, 23 Aibreán ’08

18 Aibreán 2008

La Langue (An Teanga)

Si romantique, si belle sur ma bouche,
Mais elle ne me comprend…
La famille de mon père vient de Normandie ;
Parce que ça, j’ai dois savoir la langue de mes ancestraux.

Mais la langue de mon cœur est une langue
Plus vielle que la beauté là
Le gaëlique me contrôle
Comme un parent amoureux.

Elle déteste des autres –
Le breton, le basque, l’anglais,
Aime-elle ma langue, ai-je une bienvenue a-t-elle, ou
Dois-je sacrifier les autres pour elle ?

Je ne fais pas ça avec eux ;
Mais l’irlandais est le Premier de moi
Les autres sont égales, à mon avis
Mais j’ai une affection pour cette beauté.

Dublin, 17 avril 08

---

An Teanga
Aistriuithe ón bhFraincis

Chomh rómánsúil, chomh deas ar mo bhéal,
Ach ní thuigeann sise mé...
Is as an Nórmainn clann m’athar;
Mar dhea, tá orm teanga mo mhuintir ‘bheith ar eolas agam

Ach ‘sí teanga mo chroí ná teanga
Níos sinne ná’n áillteacht sin
Tá smacht ar an nGaeilge orm
Cosúil le tuismitheoir grámhar.

Is fuath léi na cinn eile –
An Bhriotáinis, an Bhascais, an Béarla,
An maith léi, mo theanga, ‘bhfuil fáilte aici romham, nó
‘bhFuil orm na cinn eile a bhaineadh díom dá son?

Ní dhéanaim sin leo;
Ach is mo Thaoiseach í an Ghaeilge
Tá na cinn eile mar a chéile, im’ thuairim
Ach tá cion agam don áilleacht seo.

26 Iúil 2007

Dá mBeadh...

Dá mbeadh a fhios agat, a chréatúir,
Faoin méid atá ar siúl trí mo cheann
Nó faoi na mothúcháin atá á bhrath agam
Bheadh tuairim difiriúil agat fúm.

Dá mbeadh an aimsir difiriúil, a chroí,
Dá mbuailfaimís le chéile ar shlí difiriúil
Ní bheadh aon fhadhb againnse
'S ní bheadh éinne i bpian.

Níl an lucht ar éinne dúinn;
Sin an tslí a tharla sé
Cé nach raibh sé éasca go leor
Tá súil agam gurb fhiú é.

Abair liom go mbeidh sé togh',
'Gus is é seo deireadh na bhfadhbanna
A mbíonn agamsa im' shaol
Is go mbeidh faoiseamh againn go luath.