Do Darragh
Bhí am ann, nuair a
Mhothaigh mise
Cosúil leatsa;
Cheap mé go raibh
An domhan i dtrioblóid,
Agus go raibh ormsa
rud éigin a dhéanamh faoi.
D'fhág mé an cuid sin
Dem' shaol im' dhiaidh fadó,
Ach tá na tuairimí sin
Fós agatsa, a ghrá,
Chomh maith leis an bpaisean.
D'iarr tú orm inniu
Na tuairimí a bhíodh agam
A h-athghabháil 's a h-athbheochan
Ach tá imní orm
Nach bhfuilim bóithéimach
Go leor a thuilleadh.
Arbh fhéidir linn 'bheith inár gcónaí
I mbád mór millteanach Greenpeace;
Ag troid in aghaidh dúnmharfóirí
Na rón - agus an oileán seo
A fhágáil le chéile?
Ní dóigh liomsa é, a chroí;
B'fhearr liom m'oifig anseo.
Ach bhí am ann, fadó
Nuair a dhéanfainn é
Gan fadhb ar bith sa domhan...
'bhFuil seans ann gur féidir liom
'Bheith i m'Eco-Warrior leat;
Lem' leannán ar na tonnta?
Mullach Íde,
15 Lúnasa 2007
18 Lúnasa 2007
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
0 trácht:
Post a Comment