16 Samhain 2009

Drochdhís

Thiteas i ngrá le strapaire óg
Ón chéad nóiméad, ’s ón chéad phóg,
Ach anois níl agam ach croí atá trom
Mar is cosúil go raibh sé mídhílis dom.

Rinne muid gáire, is rinne muid grá,
Ach anois tá na cuimhní siúd á mo chrá
Mar níl iontu a thuilleadh ach píosaí staire
Agus fiú gan é agam anois mar chara

Ligim uaim é, mar ba chóir,
Ach ba liomsa, áfach, an focal scoir,
Ach ba dheacair dom ‘slán’ a rá
Nuair a bhíodh dianghrá againne, tráth.

Táim cinnte go mbeidh mé níos fearr gan é,
Agus beidh mé i gceart ag deireadh an lae,
Mar ní raibh sé riamh ina laoch naofa,
Agus níorbh eisean an fear chéile foirfe

Ach dúradh liom; ‘beidh tú ceart go leor!
Agus ní fiú smaoineamh faoi, a stór,
Mar tá i bhfad níos fearr tuillte agat;
Duine a fheicfidh an t-aingeal atá ionat.


Más fíor é sin, éireoidh liom
An té ceart a aimsiú a bheidh i ngrá liom
Gan fhadhb gan rún, go mbeinn sásta arís
Agus dearmad a dhéanamh ar an drochdhís.


14 Samhain 2009


(Dís: Beirt)

18 Meán Fómhair 2009

An Pápa Hitler II

Seanbhean,
Dulta ar ais chuig an coláiste;
Banda plaisteach timpeall a láimh;
Bán agus buí - dathanna an Phápa.

Namhaid dom é,
Do mo ghrá,
Mo shaol,
Ach namhaid cumhachtach 'tá ann.

Ach ise féin
Chomh cneasta,
Cairdiúil
Fáiltiúil agus oscailte.

Ach leanann sí an Hitler nua sin
É i lár a impireachta féin
A thrasnaíonn teoirinn is tíortha.

Go gcodlóidh sé leis an Diabhal!
Ach, dá chuid suaimhnis féin,
Súil a'am go bhfuil an Diabhal ina bhean,
Ionas nach ndéanfadh sé aon pheaca.

10 Meán Fómhair 2009

Ná Lig Mé i gCathú

Anois agus mé slán sa bhaile,
An bhfuil sé fós ann;
Á mo chuardú,
Ag breathnú thart,
Dóchasach go n-aimseoidh sé mé?

Ar mhothaigh sé é sin freisin,
Nuair a chroith sé mo lámh
Agus d’fhéach ’steach i mo shúile

Nuair a mhothaíos cineáilín ciontach
Agus mo bhuachaill thuas staighre;
É féin lenár gcairde
Ag comhrá is ag gáire le chéile

Ach mise ag caint leis an strapaire seo,
Á chuir féin in aithne dom;

‘An mbeidh tú thuas staighre níos déanaí,’
A fhiafraíonn sé dom,
‘An mbuailfidh mé arís leat ann?’

‘Cinnte, yeah,’ a dheirimse leis,
Gan a rá go mbeidh mo bhuachaill liom...

‘Iontach, ar fheabhas,’ a dheireann sé liom,
‘Mar ’ sé go deas bualadh leatsa anocht,’
Ach deireann an gáire,
An meangadh mór,
Níos mó ná a chuid focla.

‘Agus leatsa,’ arsa mé;
Ach tosaím ag casadh
I dtreo na staighre éalaithe

Agus téim ar ais
Chuig an buachaill ceart;
An fear lena bhfuil mo chroí.

09 Meán Fómhair 2009

Alcólaí

Ól, ól agus ól níos mó
Go dtí go bhfuil tú go hiomlán blotto
Is nach n-aithníonn tú
Do chairde ó do namhaid.

Ól, ól go dtí go n-osclaítear an doras,
Go ligtear isteach an duine dorcha,
Go gcuirfidh sé dó fhéin in aithne
Do do chairde go léir.

Ól, ól agus ól arís
Go dtí go ndéanann tú na botúin chéanna;
Croí a bhriseadh,
Todhchaí a scriosadh,
Stair do shinsir a h-athdhéanamh.

Ól, ól, ól alcól
Mar táthar ag súil
Le hÉireannach meisciúil eile;
Cén dochar é, más é sin é,
'bheith ina bhall eile den dream?

Mar sin, ól agus ól níos mó,
Go dtí go múchtar solas d'anama,
Go bhfágtar i d'aonar thú
Do chlann, do chairde, tú fhéin.

28 Bealtaine 2009

Forbairt(?)

Eastán nua glan -
gan duine
gan carr
gan anam -
Cúrsa gailf in aice leis.

Nach iontach é an saol
Nuair atá sé bréagach!