Ní ar Bhóthairín na Smaointe
A thosnaím ag siúl,
Ach Bóhar na Staire taobh leis
Cuimhním ar dhaoine a chonaic seo romham;
Cuardú fostaíochta i gceist.
Siúlaim ar bhóthair inar chodail m'fhir tíre
Má theipeadh orthu saol a bhunú
Feicim coirnéil inar luíodh siad
Ach breathnaím fós an fuacht a mhothaigh siadsan
Mise, fear óg na Tíogaire Cheiltigh
A théann anseo ar saoire,
Tá'n t-ádh dearg liom is lem' chomh-aois
Nach bhfeicfimís an cruatan sin choíche.
Manchain (Manchester), 16 Eanáir 2008
17 Eanáir 2008
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
0 trácht:
Post a Comment