12 Samhain 2008

Díomá

Tá tusa id’ shuí taobh thiar dom
Is tá faitíos orm roimh casadh id’ threo
Ar eagla go bhfeicfidh tú
An méid atá im’ shúile

Duine dúin oscailte ’sea mé
Is bhí tráth ann go ndearna mé iarracht
’Bheith ar oscailt do d’úsáid fhéin
Ag súil go bhfaighfinn airgead an ghrá ar ais

Ach seans maith nach dtarlóidh choíche
An íomhá dóchais ’tá ag mo chroí
Is mar sin, ní féidir liom
Casadh id’ threo.

0 trácht: