14 Samhain 2008

RTÉ, Daideo agus na Daoine Bána

Tús nua, an obair faoi dhó!
Níor athraigh mórán ó mo chéad uair anseo, fadó.

Beagnach deich mbliana ó shin a bhí sé;
Tráth ina raibh mo Dhaideo fós beo.
'Fairyland' a thug sé ar an áit seo.
Is dóigh go bhfuil an lipéad sin oiriúnach
Agus an méid sin dem' chine-se
Timpeall na háite.
Fiú agus mé sa bhlialann
Níl mise i m'aonar
Agus an gruaigeadóir ag fáil
Double-shot lattè, shot of caramel
Ooh, and that chocolate muffin as well, love.
Nílim in ann aon ghearáin a dhéanamh,
Agus mé ag ithe cous-cous le pasta glas
Agus sailéad meascaithe dom' bhricfeasta...

An mbeadh bród ar mo Dhaideo dom, measaim?


RTÉ, 14 Samhain 2008

0 trácht: