15 Samhain 2008

Subway, Barra a'Teampaill

Tá slua déagóirí –
Triúr chailíní agus beirt leaids –
Ag caint go hoscailte lena chéile,
I ngan fhios go mbeadh éinne ag éisteacht leo.

De réir mar a thuigim,
Tá na leaids ag dul amach lena chéile
Agus tá iontas ar na cailíní orthu;
Taispeántar an naïvété ina gcuid comhrá.

Is glórach a nguthanna óige,
Gan cruth ná imní ná eagla
Go gcloisfeadh an duine mícheart iad
A dhéanfadh ionsaí orthu

Ach níl ina dtimpeall ach mise;

Tá’n t-adh leo, an tráth seo.


19:19, 24 Deireadh Fómhair 2008

0 trácht: